Taispeántais
Bailiúchán Feisteas agus Bréagán Berkeley
2011 – 2013
Bailiúchán álainn de bhréagáin, de bhábóga agus d’fheistis ón 18ú haois agus ón 19ú haois é Bailiúchán Feisteas agus Bréagán Berkeley. Thosaigh an Chuntaois Ann Griffin Bernstorff, ealaíontóir agus bailitheoir Éireannach, an bailiúchán i gCo. Loch Garman os cionn fiche bliain ó shin go príobháideach mar go raibh an-spéis aici ina leithéid. Chruinnigh sí nithe an bhailiúcháin le chéile thar na blianta óna cófraí muintire féin agus ó cheantanna agus tabhartais.
Bhí an bailiúchán ar taispeáint i seomraí galánta Chaisleán Ráth Fearnáin ó 2011 go 2013. Cuimsíonn an taispeántas tréimhse ochtó bliain ó 1740 go 1820, agus tá idir dhéantáin thearca íogaire agus bhréagáin shimplí láidre ann, chomh maith le gnáthéadaí na linne, a raibh cuid mhór díobh ag teaghlaigh Éireannacha tráth den saol.
Tá an taispeántas le feiceáil i dTeach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid, Co. Chill Dara anois.