Rinneadh go leor athruithe ar an gcaisleán san 20ú haois. Dhíol muintir Blackburne é in 1913 agus cheannaigh Cumann Íosa cuid den eastát. Cé gur choinnigh siad struchtúr agus príomhsheomraí an chaisleáin i ndea-chaoi, chuir siad dhá sciathán mhóra leis sna 1920idí a úsáideadh mar halla cónaithe don chliarscoil agus mar theach spioradálta agus séipéal. Bhí John Sullivan, iarrthóir canónaithe, ina Reachtaire idir 1919 agus 1924. In 1913, ba iad na hÍosánaigh a thug a chéad choimisiún don ealaíontóir Éireannach clúiteach Patrick Tuohy (1894-1930) – deich bpictiúr de shaol Chríost a phéinteáil ar shíleáil an chaisleáin.
I dtús na 1980idí, shocraigh an Cumann an caisleán a dhíol toisc nár theastaigh sé uathu mar chliarscoil níos mó. Chuir a gcinneadh an-imní ar mhuintir na háite a bhí buartha go leagfaí an caisleán go talamh. Cuireadh cúl ar an imní seo nuair a ainmníodh an caisleán mar Shéadchomhartha Náisiúnta in 1986, agus cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí é don náisiún in 1987. Ag an am céanna, fuair Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath na tailte.
In 1908 thóg an tAthair William O’Leary seismeagraf, uirlis a úsáidtear chun creatháin talún a thomhas, i gColáiste Mhungairit, Luimneach. Thóg sé ceann i Ráth Fearnáin in 1916, áit a raibh sé in úsáid go dtí 1961. Bhí an seismeagraf in ann creathán talún áit ar bith ar domhan a bhrath, agus mar sin ba é Ráth Fearnáin an lárionad idirnáisiúnta don tseismeolaíocht ar feadh scaithimh.
Níor coinníodh sa chaisleán féin é, ach i bhfoirgneamh beag ar na tailte. Ba é Teach an Stíobhaird an foirgneamh sin le linn ré mhuintir Loftus, agus úsáidtear mar cheanncheathrú Chomhairle Crann na hÉireann é sa lá atá inniu ann. Tá na seismeagraim bhunaidh a thaifead an fearas ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath anois, agus déantar taighde orthu ansin.
Gabhaimid buíochas le Cartlanna Íosánaigh na hÉireann.
Arbh eol duit…
… go ndeachaigh duine de na hÍosánaigh a chónaigh i gCaisleán Ráth Fearnáin, an tAthair Frank Browne, ar thuras ar an Titanic, ach d’éalaigh sé lena bheatha nuair a tháinig teileagram óna uachtarán ag ordú dó éirí den long i gCorcaigh? Ar an gcéad chéim dá thuras ó Southampton, thóg sé go leor grianghraf den long agus dá paisinéirí, agus mhair siad seo mar chuid den líon beag taifead atá againn ar an turas tubaisteach sin.