An Teaghlach

Scrollaigh síos an leathanach seo chun portráidí a fheiceáil agus beathaisnéisí gairide a léamh faoi chuid de na daoine a bhain le Caisleán Ráth Fearnáin.

Adam Loftus

1533 – 5 Aibreán 1605

Rugadh Adam Loftus in Yorkshire, mac le Edward Loftus.

Tháinig sé go hÉirinn mar shéiplíneach Iarla Sussex sa bhliain 1560. Seacht mbliana níos deireanaí, bhí sé ina Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath. Faoin mbliain 1581 bhí sé ina Ard-Seansailéir ar Éirinn. In 1592 bhí dlúthbhaint aige le bunú Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. In 1583 agus é ina Ard-Seansailéir agus ina Ard-Easpag, bronnadh tailte a gabhadh ó Bhíocunta Bhealach Conglais ó dheas de Bhaile Átha Cliath air. Thóg sé caisleán sa chuid ar a dtugtaí Ráth Fearnáin. Ba dhún míleata an caisleán ó cheart, ach bhí sé chomh compordach agus chomh sómhar sin mar áit chónaithe go raibh an méid a d’íoc sé as i mbéal an phobail agus uafás orthu. Agus é ag scríobh go Westminster áfach, chuir sé síos air mar ‘my poor house’.

Phós sé Jane Purdon agus bhí fiche páiste aige; ba iad an dáréag a mhair a naíonacht Dudley, Edward, Margaret, Adam, Isabella, Anne, Thomas, Katherine, Martha, Dorothy, Alice, agus Jane.

Ní fios cé a phéinteáil an phortráid seo de Adam Loftus. 
Olaphictiúr ar chanbhás. Bailiúcháin Ealaíne Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; á thaispeáint anseo le caoinchead Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Lucy Loftus (née Brydges)

d’éag an 12 Iúil 1689

Rugadh Lucy Brydges do George Brydges, 6ú Barún Chandos Sudeley, agus Jane Savage.

Rinneadh Lady Loftus di, agus Bíocuntaois Lios na gCearrbhach níos deireanaí.

Phós sí Adam Loftus, Bíocunta Lios na gCearrbhach, agus bhí beirt pháistí aici, James agus Lucy.

Is le Sir Peter Lely an phortráid seo de ‘Mrs Loftus’, agus tá sí sa bhailiúchán i gCaisleán Ráth Fearnáin. Oifig na nOibreacha Poiblí. 

Is le Sir Peter Lely an phortráid seo de ‘Mrs Loftus’, agus tá sí sa bhailiúchán i gCaisleán Ráth Fearnáin. Oifig na nOibreacha Poiblí.

Lucia Wharton (née Loftus)

1670 – 1717

B’iníon í Lucia le Lucy Loftus (née Brydges, thuas) agus Adam Loftus, Bíocunta Lios na gCearrbhach. Fuair a deartháir James bás agus é ina naíonáin, agus mar sin ba í Lucia an t-aon bhanoidhre a bhí ag a hathair, Bíocunta Lios na gCearrbhach.

Rinneadh Banmharcas Wharton di, agus tá sé seo scríofa ar a portráid ar chlé.

Phós sí Thomas Wharton, 1ú Marcas Wharton, agus bhí triúr páistí aici, Philip, Jane agus Lucy.

Is le Sir Godfrey Kneller an phortráid seo de ‘Lucy, Marchioness of Wharton’, agus tá sí i mbailiúchán príobháideach anois (nasc go dtí díolachán Sotheby’s sa bhliain 2005).

Is le Sir Godfrey Kneller an phortráid seo de ‘Lucy, Marchioness of Wharton’, agus tá sí i mbailiúchán príobháideach anois.

Thomas Wharton, 1ú Marcas Wharton

Lúnasa 1648 – 12 Aibreán 1715

Phós Thomas Wharton Anne Lee ar dtús. Fuair Anne bás in 1685 agus í 26 bliain d’aois; ní raibh aon pháistí acu le chéile.

Phós sé Lucy Loftus, atá sa phictiúr thuas. Bhí cáil ar Wharton as a fhortúlacht pholaitiúil agus as a shaol scannalach. Bhí gnaoi na monarcachta air thuas seal thíos seal, ach bhronn Seoirse I roinnt teideal air in 1715, Iarla Ráth Fearnáin ina measc.

Is le Sir Godfrey Kneller an phortráid seo de Thomas Wharton, agus tá sé sa phríomhbhailiúchán atá ar taispeáint sa National Portrait Gallery i Londain. Tá an pictiúr ar crochadh i Seomra 9. 

Is le Sir Godfrey Kneller an phortráid seo de Thomas Wharton, agus tá sé sa phríomhbhailiúchán atá ar taispeáint sa National Portrait Gallery i Londain. Tá an pictiúr ar crochadh i Seomra 9.

Philip Wharton, 1ú agus Diúc deireanach Wharton

21 Nollaig 1698 – 31 Bealtaine 1731

Ba mhac le Lucy agus Thomas, atá sa phictiúr thuas, é Philip Wharton. Fuair a athair bás nuair nach raibh sé ach 16 bliana d’aois. An bhliain chéanna, d’éalaigh sé le Martha Holmes chun í a phósadh.

Rinneadh Diúc de Philip agus é 19 mbliana d’aois, toisc go raibh Seoirse I ag iarraidh a thacaíochta i dTeach na dTiarnaí in Éirinn. Bhí páiste ag Martha an bhliain dár gcionn, buachaill darbh ainm Thomas. Fuair Thomas bás bliain níos deireanaí leis an mbolgach. Ní raibh aon pháistí eile ag an lánúin.

In 1723, chaill Philip Wharton a airgead ar fad de bharr an South Sea Bubble, agus dhíol sé Caisleán Ráth Fearnáin leis an Spéicéir William Conolly ar £62,000.

Is le Rosalba Carriera an phortráid seo de Philip Wharton, agus tá sí sa Royal Collection Trust

Is le Rosalba Carriera an phortráid seo de Philip Wharton, agus tá sí sa Royal Collection Trust.

Nicholas Loftus, 1ú Bíocunta Loftus Íle

1687 – 31 Nollaig 1763

Ba é Nicholas Loftus athair Henry Loftus (thíos) agus a dhearthár Nicholas Loftus Hume. Ba í a chéad bhean chéile, Anne Ponsonby, a máthair.

Níor chónaigh sé i Ráth Fearnáin, toisc gur le húinéir eile é faoin am sin. Ní bheadh sé faoi úinéireacht mhuintir Loftus go dtí go gceannódh mac a mhic é thart ar 1768. Chónaigh Nicholas Loftus i Halla Loftus, Loch Garman.

Tá an phortráid seo de Nicholas Loftus, 1ú Bíocunta Loftus Íle sa bhailiúchán i gCaisleán Ráth Fearnáin. Tá an íomhá anseo le caoinchead Simon Loftus. 

Tá an phortráid seo de Nicholas Loftus, 1ú Bíocunta Loftus Íle sa bhailiúchán i gCaisleán Ráth Fearnáin. Tá an íomhá anseo le caoinchead Simon Loftus.

Nicholas Loftus Hume, 2ú hIarla Íle

1738 – 1769

Ba é Nicholas Loftus Hume, 1ú Bíocunta Loftus Íle (thuas) seanathair Nicholas Loftus Hume. Ba iad Nicholas Hume-Loftus, 1ú hIarla Íle, agus Mary Hume a thuismitheoirí.

In 1767, d’fhill muintir Loftus ar an gCaisleán trí bhíthin Nicholas Loftus Hume óg, 2ú hIarla Íle. B’ábhar cás dlí mór le rá folláine intinne Nicholas, ar pháiste leochaileach é. Ba bhanoidhre saibhir a mháthair, a fuair bás nuair nach raibh sé ach dhá bhliain d’aois. Thóg a athair go dian agus go cruálach é, agus níor inis sé riamh dó faoi oidhreacht a mháthar, a chaith an t-athair é féin. Thóg muintir a mháthar a dhúshlán maidir lena chumas intinne, ach d’éirigh le cosaint a uncail, Henry Loftus, i ndiaidh bhás a athar. Fuair Nicholas bás in 1769 gan phósadh, agus fuair Henry saibhreas mhac a dhearthár le hoidhreacht.

Deirtear gur le Robert Hunter an phortráid seo de Nicholas Loftus Hume, 2ú hIarla Íle. Tá an pictiúr i mbailiúchán príobháideach, agus tá an íomhá anseo le caoinchead Simon Loftus. 

Deirtear gur le Robert Hunter an phortráid seo de Nicholas Loftus Hume, 2ú hIarla Íle. Tá an pictiúr i mbailiúchán príobháideach, agus tá an íomhá anseo le caoinchead Simon Loftus.

Henry Loftus

18 Samhain 1709 – 8 Bealtaine 1783

Ba mhac le Nicholas Loftus, 1ú Bhíocunta Loftus Íle, agus Anne Ponsonby é Henry Loftus.

In 1767, cheannaigh Nicholas Loftus Hume, 2ú hIarla Íle, Caisleán Ráth Fearnáin agus a thailte ó Bellingham Boyle, agus mar sin d’fhill siad ar mhuintir Loftus. Dhá bhliain níos deireanaí, tar éis bhás Nicholas, fuair Henry Ráth Fearnáin le hoidhreacht agus chuir sé an t-athchóiriú i gcrích. Faoin am a fuair Henry bás, bhí clú agus cáil ar an gcaisleán as sócúlacht na seomraí.

In 1771 rinneadh Iarla Íle as Henry, agus in 1783 rinneadh Ridire d’Ord Naomh Pádraig dó.

Phós sé Frances Monroe in 1745 agus Anne Bonfoy in 1775. Ní raibh aon pháistí aige.

Taispeántar Henry leis an dara bean chéile a bhí aige, Anne, sa phictiúr seo a phéinteáil Joshua Reynolds thart ar an mbliain 1775. Tá sé ar crochadh in Upton House anois, faoi chúram an National Trust. 

Charles Tottenham Loftus

23 Eanáir 1738 – 22 Márta 1806

Ba mhac le Sir John Tottenham agus leis an Onórach Elizabeth Loftus é Charles Tottenham.

In 1783 thóg sé an sloinne Loftus nuair a tháinig sé in oidhreacht a uncail Henry Loftus, 1ú hIarla Íle atá sa phictiúr thuas. Ba dheartháir le máthair Charles, Elizabeth, é Henry.

In 1785 rinneadh Barún Loftus de Halla Loftus i Loch Garman de. In 1794 rinneadh Ridire d’Ord Naomh Pádraig dó. Sa bhliain 1800 rinneadh Marcas Íle dó.

Phós sé Jane Myhill agus bhí beirt pháistí aige: John agus Robert.

Taispeántas Charles Tottenham, Iarla Íle sa phortráid seo agus cuma phostúil air mar a bhí faiseanta ag an am. Hugh Douglas Hamilton a phéinteáil an pictiúr. Tá an phortráid sa bhailiúchán i gCaisleán Ráth Fearnáin. Tá an íomhá faoi chóipcheart Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta. 

Tá portráid de Jane Myhill i mBailiúchán Ráth Fearnáin freisin. 

Taispeántas Charles Tottenham, Iarla Íle sa phortráid seo agus cuma phostúil air mar a bhí faiseanta ag an am. Hugh Douglas Hamilton a phéinteáil an pictiúr. Tá an phortráid sa bhailiúchán i gCaisleán Ráth Fearnáin. Tá an íomhá faoi chóipcheart Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta.

Arbh eol duit…

… gurb é Caisleán Ráth Fearnáin an t-aon teach in Éirinn inar féidir dearaí le Sir William Chambers agus le James ‘Athenian’ Stuart a fheiceáil san áit chéanna?