An Caisleán

Tógadh Caisleán Ráth Fearnáin sa ré Eilíseach agus is dócha gurb é an sampla is luaithe de “theach daingnithe” é a tógadh in Éirinn. Dearbhaíonn páipéir stáit go raibh daingean i Ráth Fearnáin go luath i ndiaidh Ionradh na Normannach. Is dócha go raibh sé seo i measc an tslabhra caisleán a tógadh chun Baile Átha Cliath a chosaint ó na clanna Gaelacha i gCill Mhantáin. Sa bhliain 1583, i ndiaidh an Éirí Amach i nDeasumhain, ghabh an Choróin tailte Ráth Fearnáin, a bhí ina gcuid d’eastát Bhíocunta Bhealach Conglais ag an am, agus ciontaíodh Bíocunta Bhealach Conglais agus a cheathrar deartháireacha as ardtréas toisc gur ghlac siad páirt san éirí amach.

Tháinig Adam Loftus, ministir uaillmhianach as Yorkshire, go hÉirinn mar shéiplíneach an Fhir Ionaid, Iarla Sussex sa bhliain 1560. Rinneadh Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath de go luath ina dhiaidh sin in 1567, Ard-Seansailéir na hÉireann in 1581, agus bhí an-bhaint aige le bunú Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 1592. Fiú sular gabhadh na tailte i Ráth Fearnáin, bhí daoine áirithe in éad lena n-úinéir fúthu. In 1583 bronnadh feofheirmeacha na dtailte seo ar Loftus, ar cíos ainmniúil tríocha scilling. Is cosúil go raibh an caisleán tógtha aige laistigh de dhá bhliain, agus tá sé fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann. Dearbhaíodh é sin nuair a úsáideadh deindreacroineolaíocht chun adhmad ó na bíomaí dín a dhátú go 1583.

Léigh Tuilleadh

Ríshliocht Loftus ar The Peerage.

Céim thábhachtach san aistriú ón gcaisleán míleata go dtí an teach mór iad na tithe daingnithe in Éirinn. Tógadh Caisleán Ráth Fearnáin chun áit chónaithe a chur ar fáil ina raibh spás maireachtála níos compordaí ach a bhí breá daingean fós. Tá sé ar an gcéad teach daingnithe dá leithéid, amhail Ceann Toirc, Port Omna agus Ráth Bhoth, agus is é an ceann is mó fós é. Ach níor tógadh go príomha é chun an Pháil a chosaint; b’áit chónaithe chompordach inchosanta faoin tuath é do Adam Loftus. Láithreach bonn beagnach, bhí clú agus cáil ar shócúlacht na hiarmhaise. Chuireadh Loftus fáilte fhial roimh chuairteoirí agus scríobh sé chuig a chairde ag rá go raibh súil aige go mbeadh a ‘poor house’ ar an teach ba shuntasaí sa Domhan Críostaí. Fuair sé bás in 1605 agus d’fhan an Caisleán faoi úinéireacht shliocht a shleachta go dtí 1723.

Nuair a fuair Sir Dudley Loftus bás, d’aistrigh an caisleán go dtí a mhac is sine, Sir Adam Loftus. Cuireadh síos ar Adam mar fhear faille den chéad scoth agus dúradh faoi “that whoever held the reins of power was, for the time being, his friend…”

Le linn chogaí cathartha na 1640idí, chuir an Dr Dudley Loftus Ráth Fearnáin ar garastún le haghaidh na parlaiminte, thar ceann a athar Sir Adam, a bhí ina Leas-Chisteoir ar Éirinn. In 1649 ghéill sé d’fhórsaí ríogaí faoi Ormonde, ach ghabh na parlaiminteoirí arís é agus cuireadh ar garastún é faoi Chromail.

Dhá scór bliain níos deireanaí ba le Adam Loftus, Bíocunta Lios na gCearrbhach, an Caisleán. Níor fhan sé dílis do Shéamas II agus chuaigh sé le Liam Oráiste. Mharaigh caor gunna mhóir é i léigear Luimnigh in 1691.

Sa bhliain 1723 b’éigean don úinéir ag an am, Diúc díobhlásach Wharton, a fuair an réadmhaoin le huacht trína mháthair Lucy Loftus, an t-eastát a dhíol chun costas a fhiach ollmhór a íoc. Cheannaigh an Spéicéir Conolly the réadmhaoin ar £62,000 ach níor chónaigh sé riamh ann; is dócha gur thaitin a phríomháit chónaithe, Teach Bhaile an Chaisleáin, níos fearr leis. Scaoil sé an caisleán ar cíos le tionóntaí éagsúla, a chuir tús le hathchóiriú an chaisleáin. Tá an chaor gunna mhóir a mharaigh Adam Loftus ar crochadh in Ard-Eaglais Phádraig, Baile Átha Cliath. Le caoinchead Ard-Eaglais Phádraig.

In 1767, d’fhill muintir Loftus ar an gCaisleán trí bhíthin Nicholas Loftus Hume óg, 2ú hIarla Íle.
B’ábhar cás dlí mór le rá folláine intinne Nicholas, ar pháiste leochaileach é. Ba bhanoidhre saibhir a mháthair, a fuair bás nuair nach raibh sé ach dhá bhliain d’aois. Thóg a athair go dian agus go cruálach é, agus níor inis sé riamh dó faoi oidhreacht a mháthar, a chaith an t-athair é féin. Thóg muintir a mháthar a dhúshlán maidir lena chumas intinne, ach d’éirigh le cosaint a uncail, Henry Loftus, i ndiaidh bhás a athar. Fuair Nicholas bás in 1769 gan phósadh, agus fuair Henry saibhreas mhac a dhearthár le hoidhreacht. Cé gur tháinig deireadh leis an teideal bunaidh nuair a fuair Nicholas bás, athchruthaíodh é le go mbeadh Henry Loftus in ann teideal Iarla Íle a ghlacadh agus thosaigh sé ag athchóiriú theach a shinsear.

Faoin am a fuair Henry bás in 1783, bhí cáil ar an gCaisleán arís as sócúlacht a árasáin agus as a bhailiúcháin troscáin agus ealaíne. Cé gur phós sé faoi dhó, ní raibh aon oidhre ag Henry agus tháinig mac a dheirféar, Charles Tottenham, i gcomharba air. Chaill a shliocht siúd suim sa Chaisleán de réir a chéile. Faoi dheireadh an 18ú haois cuireadh síos air mar theach tréigthe, agus bhí na bailiúcháin roinnte faoin am sin ar thithe eile de chuid an teaghlaigh, Halla Loftus i Loch Garman agus Lóiste Íle i bhFear Manach go háirithe.

Idir 1847 agus 1852 cheannaigh an tArd-Seansailéir Blackburne (a bhí ina Leas-Seansailéir ar Choláiste na Tríonóide freisin agus ina Thiarna Príomh-Bhreitheamh ar feadh scaithimh) an Caisleán, agus dúradh go raibh sé ina fhothracha ag an am sin. D’fhéadfadh gur chónaigh an Tiarna Blackburne sa Chaisleán ar feadh cúpla bliain sular cheannaigh sé é.

Chuir sé isteach seomraí folctha, d’atóg sé na céimeanna chun tosaigh, agus chuir sé isteach orgán mór damhsa sa bhálseomra. Bhí an-bhaint ag an Tiarna Blackburne le saol ceoil Bhaile Átha Cliath agus deirtear gur sheinn sé Moore’s Melodies go hálainn.

Bhí Francis Blackburne go mór i gcoinne Dhónaill Uí Chonaill agus is é a bhí i gceannas ar thriail Liam Mhic Gabhann Uí Bhriain. D’fhan Caisleán Ráth Fearnáin faoi úinéireacht mhuintir Blackburne ar feadh trí ghlúin. I ndiaidh bhás bhean chéile mhac an Ard-Seansailéara, Georgina Arabella, in 1911, dhíol mac gharpháiste an Tiarna Blackburne an caisleán in 1913.

Rinneadh go leor athruithe ar an gCaisleán san 20ú haois. Dhíol muintir Blackburne é in 1913 agus cheannaigh Cumann Íosa cuid den eastát. Cé gur choinnigh siad struchtúr agus príomhsheomraí an Chaisleáin i ndea-chaoi, chuir siad dhá sciathán mhóra leis sna 1920idí a úsáideadh mar halla cónaithe don chliarscoil agus mar theach spioradálta agus séipéal. Bhí an tAthair John Sullivan, iarrthóir canónaithe, ina Reachtaire le linn na 1930idí.

I dtús na 1980idí, shocraigh an Cumann an Caisleán a dhíol toisc nár theastaigh sé uathu mar chliarscoil níos mó. Chuir a gcinneadh an-imní ar mhuintir na háite a bhí buartha go leagfaí an caisleán go talamh. Cuireadh cúl ar an imní seo nuair a ainmníodh an Caisleán mar Shéadchomhartha Náisiúnta i 1986, agus cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí é don Náisiún in 1987. Ag an am céanna, fuair Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath na tailte.

Thóg an tArd-Easpag Loftus an caisleán i ndeireadh an 16ú haois mar chaisleán dronuilleogach agus ceithre thúr chliathánacha ar na coirnéil. Ba thúir bhatair iad sin, is é sin, bhí fána réidh leis na ballaí, atá beagán le cois 1.5 méadar ar tiús ar an meán, ón mbun aníos agus dearadh mar sin iad ionas go bhféadfadh saighdiúirí ar aire sna túir choirnéil in aice leo súil a choinneáil ar gach balla sa bhloc láir. Tá trí stór sa bhloc láir os cionn íoslach bhoghtach ar leibhéal na talún. Ach níl taifead againn ar leagan amach na seomraí mar a tógadh ar dtús iad.

Is cosúil go bhfuil balla soladach, atá beagnach trí mhéadar ar tiús, ag dul soir siar tríd an mbloc láir agus oscailtí dorais sa bhalla. Cé go dtacaíonn an balla leis na trí stoc simléir mhóra chomh maith leis an díon, ní theastódh struchtúr chomh mór seo chun na críche sin. Fuarthas seomra comhthógtha ag leibhéal íoslaigh a thugann le fios nach balla soladach a bhí ann nuair a tógadh ar dtús é, ach sraith seomraí nó pasáistí. Tá leagan amach cosúil leis seo le feiceáil i gCaisleán Phort Omna.

Le linn obair athchóirithe le deireanaí, thángthas ar áirse mhór chloiche ar aghaidh thiar an chaisleáin, a thugann le fios go bhfuil an-seans ann gurbh é sin bealach isteach an Chaisleáin nuair a tógadh ar dtús é.

Thosaigh tionóntaí an Spéicéara Conolly, agus na daoine a cheannaigh an Caisleán níos deireanaí, á athchóiriú idir 1723 agus 1767. Lean Henry Loftus leis an obair seo nuair a fuair sé an t-eastát agus saibhreas mhac a dhearthár le hoidhreacht in 1769. Ar feadh na trí scór bliain ó 1723 go dtí go bhfuair Henry bás in 1783, cuireadh cóipeáil chloiche ornáideach in áit na bhforbhallaí; cuireadh fuinneoga níos mó in áit na bhfuinneog muilleanach cloiche beag bunaidh agus tógadh síneadh leathchiorclach ar aghaidh thoir an bhloic láir; cuireadh sciathán cistine le coirnéal thiar theas an chaisleáin; bogadh an príomhbhealach isteach go dtí taobh thuaidh an tí áit a raibh dhá staighre ag dul suas go póirseáid, a chuimsigh ocht gcolún Dhóracha, deirtear, a thacaigh le cruinneachán a raibh comharthaí an Stoidiaca péinteáilte air. Bhí an bealach isteach nua seo ar leibhéal an chéad urláir mar sin. Sa lá atá inniu ann, níl aon mhaisiúcháin ar an bpóirse reatha agus níl ach ceithre cholún ag tacú leis.

B’fhear uaillmhianach é Henry, cosúil lena shinsear Adam, agus d’fhostaigh sé scoth na n-ailtirí, na n-ealaíontóirí agus na gceardaithe chun an caisleán a mhaisiú. Níl ainm fhormhór na n-oibrithe sin ar eolas níos mó, ach athchóiríodh na príomhsheomraí fáiltithe le dearaí le Sir William Chambers agus le James ‘Athenian’ Stuart. Tá an obair stucó rocócó agus an maisiúchán nuachlasaiceach d’ardchaighdeán fós le feiceáil sa lá atá inniu ann. Thug Angelica Kauffman, an t-ealaíontóir iomráiteach portráide, cuairt ar Ráth Fearnáin i ngeimhreadh 1771-72 agus phéinteáil sí portráid teaghlaigh den Iarla agus Cuntaois Íle, lena neacht Dolly Monroe, atá ar crochadh i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann anois. Deirtear gurbh í a phéinteáil painéil síleála an tsalúin freisin, a díoladh ar ceant in 1913, ach ní chreidtear anois gurbh í a phéinteáil na painéil síleála ar an gcéad urlár.

Ón mbliain 1988 i leith, tá Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis obair mhór a dhéanamh ar an gCaisleán, lena n-áirítear creatlach an fhoirgnimh a dheisiú, díon nua a chur ar an gCaisleán, na sciatháin ó na 1920idí a bhaint, agus sciathán cistine an 18ú haois a athchóiriú. Cuireadh cóta nua plástair ar bhallaí seachtracha an chaisleáin le garbhtheilgean aoil traidisiúnta. Cuireadh roinnt de na landairí inmheánacha a baineadh sa 19ú haois ar ais arís freisin. Tá go leor oibre fós le críochnú, maisiú agus fearastú na bpríomhsheomraí ina measc. Teastóidh taighde cúramach chuige sin, chomh maith le scileanna na gcaomhnóirí agus na gceardaithe is fearr chun a chinntiú go gcuirtear caomhnú an Chaisleáin i gcrích ar comhchéim leis an ardchaighdeán a d’éiligh Adam Loftus sa 16ú haois agus Henry Loftus san 18ú haois.