Polasaí Príobháideachta

Príobháideacht agus Fianáin

Is í Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a thugann aire don suíomh gréasáin seo. Tá meas iomlán ag OOP ar an gceart chun príobháideachta atá agat, agus ní bhaileofar aon fhaisnéis phearsanta i do thaobh ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú go deonach de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, ag cloí go dian leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais príobháideachta i dtaca leis an suíomh gréasáin seo. Tugtar míniú ag bun an leathanaigh seo ar roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo.

Faisnéis Phearsanta á Bailiú agus á hÚsáid

Ní bhailíonn an suíomh gréasáin seo aon sonraí pearsanta, ach amháin faisnéis a thugann tú go deonach. (Mar shampla, nuair a thugann tú aiseolas nó nuair a chuireann tú ceist). Faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil ar an gcaoi sin, ní úsáidtear í ach ar mhaithe leis an gcuspóir ar chuir tú an fhaisnéis ar fáil lena aghaidh.

Faisnéis a Bhailímid go Rialta

Is féidir linn an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach duine a úsáideann an suíomh seo:

  • Faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, an leagan den bhrabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu etc)
  • An seoladh gréasáin ónar shroich tú muid, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • Faisnéis eile a thugtar i bhfoirmeacha, mar shampla má thugann tú do chuid sonraí pearsanta agus tú ag iarraidh foirme nó ag tabhairt aiseolais

An Úsáid a Bhainimid as an bhFaisnéis

Faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil, ní úsáidfear í ach amháin ar an gcúis a sholáthair tú. Ní dhéanfaimid iarracht cuairteoirí aonair a shainaithint ná ní dhéanfaimid ceangal idir na sonraí teicniúla a liostaítear thuas agus duine aonair ar bith. Is é ár bpolasaí gan faisnéis theicniúil den sórt sin i leith daoine aonair a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin a nochtadh d’aon tríú páirtí go brách ach amháin má cheanglaíonn riail dlí orainn faisnéis den sórt sin a nochtadh. Ní úsáidfear an fhaisnéis theicniúil ach chun críoch staitistiúil agus chun críoch riaracháin eile.

Ba chóir duit a thabhairt do d’aire, maidir le sonraí teicniúla nach féidir linn a cheangal le haon duine aonair is féidir a shainaithint, nach ‘sonraí pearsanta’ iad sin chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 – 2003.

Fianáin

Is míreanna beaga eolais iad fianáin a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs agus a gcuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire iad. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh agus tú ar an suíomh arís ina dhiaidh sin. Maidir leis an bhfaisnéis a stóráiltear i bhfianán, d’fhéadfadh sé gurb iad do chuid nósanna brabhsála ar an suíomh gréasáin a bheadh i gceist, nó uimhir aitheantais uathúil le go mbeidh an suíomh gréasáin in ann ‘cuimhneamh’ ort nuair a bheidh tú air arís. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an tsuímh gréasáin. De ghnáth, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin ónar féidir tú a shainaithint, ach amháin má bhíonn tú tar éis faisnéis den sórt sin a chur ar fáil don suíomh gréasáin.

Fianáin i roinnt áiteanna ar an suíomh gréasáin seo.

  • Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht ina gcuirtear ar an eolas faoi fhianáin thú. Má chliceálann tú an cnaipe ‘Glac Leis’, socrófar fianán a dhéanann taifead ar do rogha.
  • Baintear úsáid as Google Forms ar an suíomh gréasáin seo. B’fhéidir go socróidh Google fianáin nuair a úsáidfidh tú feidhm na bhfoirmeacha. Tiocfaidh tú ar pholasaí príobháideachta Google anseo.
  • Is féidir go socrófar fianáin ó Google freisin nuair a thaispeántar Google Maps ar an suíomh gréasáin seo.
  • Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as Mailchimp. Tiocfaidh tú ar pholasaí príobháideachta Mailchimp anseo.

Ligeann an chuid is mó de bhrabhsálaithe duit fianáin a chasadh as nó do chuid socruithe le haghaidh fianán a chur in oiriúint. Le fáil amach cén chaoi le sin a dhéanamh, féach ar an roghchlár ‘Cabhair/Help’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den suíomh i gceart má chasann tú as na fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe.

Tuilleadh Faisnéise nó Iarratas a Dhéanamh

Má bhíonn imní ort faoin gcaoi a bpróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an suíomh gréasáin seo, ná bíodh drogall ort údar imní den sórt sin a thabhairt dár n-aire.

Gluais na dTéarmaí Teicniúla a Úsáidtear

Brabhsálaí Gréasáin: an píosa bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí iad Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox agus Opera.

Seoladh IP: na sonraí a shainaithníonn do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), tugtha i gcód prótacail idirlín (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé gur féidir nach ionann an seoladh gach uair a dhéantar ceangal.