Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Bealtaine – Méan Fomhair
Gach lá
9.30am -5.30pm

Deireadh Fomhair – Aibreán
Dé Céadaoin go Dé Domhnach
10.30am – 5.00pm

Láthair

Is féidir teacht ar an gcaisleán ó sheachbhóthar Ráth Fearnáin, idir Bóthar Ráth Fearnáin agus Bóthar na Gráinsí (gar do shráidbhaile Ráth Fearnáin).

Taisteal

Déanann Bus 16 ó Lár na Cathrach, Bus 17 (an Charraig Dhubh – Rialto) agus Bus 75 (Dún Laoghaire – Tamhlacht) freastal ar an gceantar. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath.
Tá páirceáil ar fáil do charranna agus do bhusanna ar an láthair.

Caisleán Ráth Fearnáin

Caisleán Ráth Fearnáin

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Áiseanna

Tá clós súgartha a bhainistíonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas ar thailte an Chaisleáin.

Bíonn Stuart and Chambers Tearooms ar oscailt ó cheann ceann na bliana, seacht lá na seachtaine. Is féidir deochanna teo agus lón beag a cheannach ansin. Má theastaíonn uait béile a chur in áirithe nó má tá ceist ar bith agat glaoigh ar 01 493 9461.

Tá rochtain do chuairteoirí faoi mhíchumas ar fáil sa Chaisleán.

Turais

Bíonn turais ar fáil sa Chaisleán ar feadh an lae, idir thurais threoraithe agus turais fhéintreoraithe. Ba cheart do ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó dul i dteagmháil linn roimh ré chun turas a chur in áirithe.

Cuairt

Uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar an gcaisleán.

Grianghrafadóireacht / Físeáin

Ceadaítear grianghrafadóireacht. Déan teagmháil linn, le do thoil, má theastaíonn uait grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.

Cead Isteach

Duine Fásta €4
Pinsinéir/Grúpa €3
Páiste/Mac Léinn €2
Teaghlach €10

Bíonn saorchead isteach ag daoine a bhfuil Cárta Oidhreachta acu. Bíonn saorchead isteach ag gach duine ar an gcéad Chéadaoin de gach mí. Bíonn saorchead isteach ag grúpaí scoile freisin.

Íoslódáil

Cód Iompair d’Úinéirí Madra

Arbh eol duit…

… go mbíodh Caisleán Ráth Fearnáin ar oscailt don phobal cheana? Ag deireadh an 18ú haois, lig Henry Loftus do na huaisle cuairt a thabhairt ar an teach iontach agus ar a thailte, agus buaileadh ticéid speisialta i gcruth boinn airgid ar a raibh ‘This Ticket admits four persons to see Rathfarnham on Tuesdays only’. Tá ceann de na boinn sin fós ar fáil i mbailiúchán príobháideach.

Sa Cheantar Freisin

Iarsmalann an Phiarsaigh agus Páirc Naomh Éanna

Fad slí: 1.9km.

Iarscoil a rith Pádraig Mac Piarais, ar iarsmalann i ngairdíní áille anois í.

Teach agus Páirc Mharlaí

Fad slí: 2.3km.

Páirc trí chéad acra ina bhfuil garraí daingean agus teach Seoirseach. Tá ceardlanna ceardaíochta i gclós an mhainéir.

Teach, Feirm agus Gairdíní Bhán an Aeir

Fad slí: 4.1km.

Feirm reatha, gairdíní, caifé agus taithí oidhreachta ar 38 n-acra.

Páirc Ghleann na Dothra

Fad slí: 2.3km.

Páirc álainn cois na Dothra a bhfuil neart oidhreachta ag baint léi.

Sráidbhaile Ráth Fearnáin

Íoslódáil

Conair shiúil oidhreachta thart ar Ráth Fearnáin, a d’eisigh Leabharlanna Átha Cliath Theas.

Sráidbhaile stairiúil álainn é Ráth Fearnáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá go leor caiféanna áitiúla ann chomh maith le neart siopaí. Tá rogha mhaith bialann agus tithe tábhairne ann freisin má bhíonn tú ann tráthnóna.

Tionóltar ceolchoirmeacha agus féilte móra i bPáirc Mharlaí, agus bíonn margadh ann gach deireadh seachtaine.

Níl sé ach 25 nóiméad ó lár na cathrach, agus tairseach ann féin é go sléibhte maorga Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Is fiú go mór dul chomh fada leis.

Foghlaim níos mó faoi stair shráidbhaile Ráth Fearnáin ar shuíomh idirlín Stair Chontae Átha Cliath Theas.