Turas ar Líne

An Halla Isteach

Dearadh nuachlasaiceach le Sir William Chambers atá le feiceáil sa Halla Isteach galánta. Is ón Iodáil na dealbha brád rilífe agus léiríonn siad scríbhneoirí, ealaíontóirí agus smaointeoirí iomráiteacha, Dante, Sócraitéas, Michelangelo agus Petrarca ina measc. Tugann siad léargas láidir láithreach ar shaíocht agus ar éigse mhuintir Loftus. Léiríonn na deilbheacha mná Lucretia agus Cléópátra. Creidtear go dtagann na painéil ghloine phéinteáilte a léiríonn torthaí agus bláthanna sna fuinneoga seachtracha ón 18ú haois agus gur dhear Thomas Jarvais iad. Ba de bhunadh Úgónaigh Jarvais agus ba protégé le Sir Joshua Reynolds é. Cuireadh an ghloine gheoiméadrach agus an píosa láir isteach níos deireanaí.

An Seomra Bia

Tá stair ailtireachta an chaisleáin ó thús deireadh beagnach le feiceáil sa seomra seo toisc gur féidir mionsonraí ón 16ú haois go dtí an 19ú haois a fheiceáil ar na ballaí nochta. Tá iarsmaí dorais ón 16ú haois, páipéar líneála ón 18ú haois, agus bríc-obair ón 19ú haois le feiceáil in éindí sa seomra seo. Rinneadh an tsíleáil rocócó go saorlámhach i dtús an 18ú haois.

Pasáiste Scal Ghréine Apalló

Is féidir obair Chambers agus James ‘Athenian’ Stuart araon a fheiceáil sa phasáiste beag seo, agus cé go bhfuil sé beag, spás tábhachtach é toisc go dtugtaí cuairteoirí chuig an Salún ón Seomra Bia an bealach seo. Dhear William Chambers síleáil Apalló, agus is é ‘Athenian’ Stuart a dhear na cruinneáin os cionn na ndoirse a léiríonn Banbhacaint, cuirí chun ceoil agus damhsa. Breathnaíonn an staighre beag bíse cosúil le ceann a d’úsáideadh searbhóntaí, ach toisc go bhfuil síleálacha pláistéireachta fíneáilte ann is mó seans go n-úsáideadh an teaghlach é.

An Salún

Tugtar an Gailearaí Fada ar an seomra galánta seo freisin, a úsáideadh mar pharlús tráth den saol. Dhear James ‘Athenian’ Stuart an tsíleáil sa seomra seo; fuair sé spreagadh mór ón ailtireacht ársa Ghréagach a ndearna sé staidéar uirthi. Rinneadh an obair ar fad as adhmad mín-shnoite, seachas an painéal láir a rinneadh as plástar. Téann an fhuinneog láir amach ar staighre cloiche starrmhaide dúbailte galánta a thugadh na cuairteoirí díreach amach go dtí an pháirc.

Choimisiúnaigh na hÍosánaigh na pictiúir ar an tsíleáil go luath san 20ú haois, go gairid i ndiaidh dóibh an Caisleán a cheannach. Is leis an bportráidí iontach Éireannach Patrick Tuohy iad, agus léiríonn siad radhairc ó shaol Chríost. Bhí sraith pictiúir mhiotaseolaíochta le Angelica Kauffman ar na painéil síleála.

Seomra na Lúibe Piostail

Tá fríos agus síleáil fhíneáilte rocócó sa seomra a athchóiríodh le deireanaí, ach tugann sé chun cuimhne go borb freisin stair an Chaisleáin mar theach daingnithe i ré níos suaite. Tá go leor de na lúba gunna bunaidh ón 16ú haois fós sa chaisleán, agus nochtadh lúb ghunna shlán sa seomra seo.

An Forsheomra

Dearadh le William Chambers atá sa tsíleáil agus tá dearcáin agus duilleoga darach, siombailí an rachmais, le feiceáil ann. Tá dhá cholún Iónacha a rinneadh as adhmad cuasach mar mhaisiúchán breise ar an bhfuinneog bhreá Veinéiseach. Tá anainn bheaga mhaisiúla, siombailí ársa den fháilte, le feiceáil ar na mullaí colúin agus cuireann na slata ceangailte ar na frámaí dorais neartmhaire in iúl.

An Bálseomra

Bhí sé seo ar cheann de na seomraí ba thábhachtaí sa teach, agus tógadh é le dearadh de chuid William Chambers. Rinneadh na colúin Chorantacha as adhmad cuasach toisc go mbeadh marmar róthrom do na hurláir. Roinneann stiall bheag mhaisiúil páircíneachta an limistéar droinne ón gcuid eile den Bhálseomra agus tá cineálacha difriúla adhmaid ann, lena n-áirítear iúr, adhmad gallchnó, cuileann, agus crua-adhmad Cairibeach. Bhíodh coinnle sna crainn solais bhunaidh (cóipeanna ón 21ú haois de dhearaí ón 18ú haois atá le feiceáil anois). Chaitheadh roinnt de na cuairteoirí éadach a raibh bróidnéireacht órga nó airgid air chun go mbainfeadh an solas drithlíní astu agus iad ag bogadh agus ag damhsa – ag súil go dtarraingeofaí aird na gcuairteoirí eile orthu!

An Seomra Ochtagánach

Úsáideadh an seomra seo mar sheomra astarraingthe na bhfear san 18ú haois, áit a bhféadfaidís tobac a chaitheamh, cluiche cártaí nó dísle a imirt, agus faoiseamh a fháil ón damhsa sa Bhálseomra. Is le William Chambers an dearadh ar an tsíleáil agus léirítear suaitheantais cogaidh ann.

An Parlús

Seans gur úsáid an teaghlach an Parlús beag nuair nach raibh cuairteoirí acu. Ba sheomra teolaí é ina bhféadfaidís a bheith ag léamh, ag tarraingt, ag cúlchaint, nó ag seinm ceoil agus ag éisteacht leis. Dearadh an-fhíneáilte rocócó atá ar an tsíleáil, ina bhfuil ciseáin bláthanna agus bláthfhleasca, agus dhá shliogán muirín. Deirtear gur os comhair na Fuinneoige Thoir den seomra seo a phéinteáil Angelica Kauffman a portráid teaghlaigh d’Iarla Íle lena bhean chéile, agus neachtanna a mhná céile, Dolly agus Frances Monroe.

Seomra na gCeithre Shéasúr

Svuít seomraí a dhear James ‘Athenian’ Stuart atá sa seomra seo agus an seomra béal dorais (an Seomra Óraithe). Creidtear go mb’fhéidir gur boudoir mná a bhí i Seomra na gCeithre Shéasúr, seomra leapa b’fhéidir nuair a tháinig duine den sliocht ríoga ar cuairt. Ach d’fhéadfaí na seomraí a úsáid ar mhórán bealaí, mar sheomraí bricfeasta, mar sheomraí leapa nó mar pharlúis de réir mar ba ghá. Tá síleáil chuasála sa seomra chun go n-aireoidh sé níos airde, agus tá cruinneáin ann ina léirítear na ceithre shéasúr agus painéal láir a bhaineann le Ceres, Bandia na Flúirse.

An Seomra Óraithe

Dhear Stuart an dara seomra sa svuít, agus is iontach go deo an tsíleáil órdhuille anseo. Maisíodh an tsíleáil le siombailí de Dhéithe agus de Bhandéithe na Gréige, Apalló, Artaimís, Aries, Diníseas, agus Heirméas ina measc. Creidtear go mb’fhéidir go n-úsáidtí an seomra seo mar Sheomra na mBan ina bhféadadh na mná astarraingt ón mBál, a mbréagfhoilt arda agus a smideadh saothraithe a shocrú, agus sos a ghlacadh nuair a bhídís tuirseach mar gheall ar an damhsa. Deirtear gur thángthas ar chlúimhíní púdair agus ar bhioráin ghruaige ón 18ú haois faoi na cláir urláir le linn na n-athchóirithe i dtús an 20ú haois. Téann pasáiste beag maisithe ón seomra seo díreach go dtí an Bálseomra.

Arbh eol duit…

… gur bhunaigh an tArd-Easpag Adam Loftus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath don Bhanríon Eilís I, agus gurbh é a chéad Phropast é?