Taispeántais

Bailiúchán Feisteas agus Bréagán Berkeley

2011 – 2013

Bailiúchán álainn de bhréagáin, de bhábóga agus d’fheistis ón 18ú haois agus ón 19ú haois é Bailiúchán Feisteas agus Bréagán Berkeley. Thosaigh an Chuntaois Ann Griffin Bernstorff, ealaíontóir agus bailitheoir Éireannach, an bailiúchán i gCo. Loch Garman os cionn fiche bliain ó shin go príobháideach mar go raibh an-spéis aici ina leithéid. Chruinnigh sí nithe an bhailiúcháin le chéile thar na blianta óna cófraí muintire féin agus ó cheantanna agus tabhartais.

Bhí an bailiúchán ar taispeáint i seomraí galánta Chaisleán Ráth Fearnáin ó 2011 go 2013. Cuimsíonn an taispeántas tréimhse ochtó bliain ó 1740 go 1820, agus tá idir dhéantáin thearca íogaire agus bhréagáin shimplí láidre ann, chomh maith le gnáthéadaí na linne, a raibh cuid mhór díobh ag teaghlaigh Éireannacha tráth den saol.

Tá an taispeántas le feiceáil i dTeach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid, Co. Chill Dara anois.

Bailiúchán Feisteas agus Bréagán Berkeley

Úsáid na saigheada ar chlé agus ar dheis chun cuid de bhuaicphointí thaispeántas Berkeley a fheiceáil. Úsáidtear gach grianghraf le caoinchead Axel Bernstorff.

Éadaí Tráthnóna

Éadaí tráthnóna á la française thart ar 1760. Stomaigéar, 1730.

Culaith lae trí bhall dhonn fir, 1785.

Gúna

Gúna ‘robe à la française’ síoda le muinchillí pagóda. 1770.

Bábóg Gaultier

Bábóg i veilbhit dhorcha le François Gaultier. Francach, 1870.

D’úsáidtí bábóga go minic an t-am sin mar fhógraí le haghaidh couturiers. Dhéanadh na príomhthithe deartha bailiúchán miondeilbhe do ghnó na mbábóg ina raibh an faisean ba nuaí.

.

.

.

.

.

Polichinelle

Leagan Francach de Punch nó Puncinella. 1910.

Bábóg

Gearmánach, 1850.

Brúnn an cóirséad ar an mbábóg seo na lámha suas chun iad a bhrú siar chomh fada agus is féidir, a leagan béim ar chomh beag is atá a coim.

Buachaill an Bháicéara

Bábóg de Bhuachaill an Bháicéara ó Pháras ag feadaíl. Francach, 1890.

Capall Luasctha

D’úsáidtí capall luasctha Newport chun scileanna marcaíochta a mhúineadh do pháistí. Cóip dhílis de chulaith bhanmharcaigh ón 17ú haois nó ón 18ú haois é an feisteas ar an mainicín, agus d’úsáidtí é le haghaidh tóstal sa tréimhse Éadbhardach.