Oideachas

Cuirimid turais threoraithe ar fáil a oireann do riachtanais agus do spéis gach grúpa.
Bíonn na turais ar fad do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna nasctha leis an gcuraclam.

Féadfar cuairt do dhaltaí bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam, lena náirítear:
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (imscrúdú trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí; ailtirí agus dearthóirí ó thréimhsí eile; scileanna breathnóireachta a fhorbairt)

  • Stair (an saol a bhí ag daoine; na hathruithe a tharla i dtréimhsí difriúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe ar dhaoine; tuiscint ar an stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)

  • OSSP (léirthuiscint dár n-imshaol)

Cuirimid bileoga oibre ar fáil do dhaltaí bunscoile agus is féidir iad a chur ar fáil sula dtagann sibh anseo.

Is féidir cuairt ar Chaisleán Ráth Fearnáin a úsáid freisin chun tacú le gnéithe de churaclam Staire na hArdteistiméireachta.

Tá an stair shóisialta agus chultúrtha, agus Ealaín (dearadh agus ceardaíocht) agus Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta an-ábhartha. Tugtar cuireadh do scoláirí Ealaíne na hArdteistiméireachta cuairt a thabhairt freisin ar ár dtaispeántais mínealaíne rialta a spreagann scoláirí le feasacht a fhorbairt ar thábhacht na n-amharcealaíon inár gcultúr agus inár bpobal.

Féadfaidh teaghlaigh a bhfuil páistí óga leo Conair an Chaisleáin a fháil ag ár ndeasc fáiltithe agus dul ar shiúlóid spraíúil.

Spreagann an chonair seo na páistí le haithne a chur ar an gCaisleán agus bheith ag foghlaim agus ag fiosrú le linn a gcuairte.

Cuirimid ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta ar fáil ó am go ham do pháistí le linn laethanta saoire scoile agus le linn Sheachtain na hOidhreachta. Féach anseo nó ar ár leathanach Facebook chun sonraí a fháil. Ba mhór againn freisin cabhrú le scoláirí atá i mbun taighde ar stair áitiúil, ar ealaín, agus ar ailtireacht.

Tabhair faoi deara go gcaithfear turais do ghrúpaí a chur in áirithe roimh ré.
Má tá tuilleadh eolais uait, nó má theastaíonn uait turas a chur in áirithe, téigh i dteagmháil linn.

Arbh eol duit…

… gur tuairiscíodh ar an Belfast Newsletter an 1 Iúil 1788 gur bhronn an Ginearál Sally ostrais fhireann agus ostrais bhaineann ar an Tiarna Loftus? Deirtear sa tuairisc gur éirigh an ostrais fhireann thar a bheith séimh agus gur lig sé do bhuachaill óg ó Chósta Malabar a tháinig leo ar a dturas fada ón nGainséis dul ag marcaíocht ar a dhroim, a chuir ríméad ar na huaisle i nDeiméin Chaisleán Ráth Fearnáin.