Caisleán Ráth Fearnáin

COVID-19

Toisc srianta Covid-19, tá Caisleán Ráth Fearnáin dúnta do thurasanna go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Tá na seomraí taé ar oscailt ag soláthar seirbhís le tabhairt leat. Tá córais feabhasaithe glantacháin á gcur i bhfeidhm agus iarrtar ar chuairteoirí claoí leis na moltaí sláinteachtais ar fad. Tá áiseanna leithris sa seómra taé oscailte do chustaiméirí amháin. Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le leanaí is iad ag úsáid na h-áiseanna leithris.

Tabhair aitheantas to Scaradh Sóisialta le do thoil. Cloígh le cleachtais freagracha le do thoil. Bain sult as to chuairt.


Tógadh an chéad chaisleán i Ráth Fearnáin sa ré Eilíseach don Ard-Easpag Adam Loftus, ministir uaillmhianach ó Yorkshire.

Tháinig Loftus go hÉirinn mar shéiplíneach an Fhir Ionaid, agus rinneadh Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath agus Ard-Seansailéir na hÉireann de go tapa. Bhí an-bhaint aige freisin le bunú Choláiste na Tríonóide. Sampla den scoth de theach daingnithe in Éirinn é an caisleán agus a cheithre thúr taobhthógála. I ndeireadh an 18ú haois, athchóiríodh an teach go maorga nuair a fostaíodh cuid d’ailtirí móra na linne don obair, ar nós Sir William Chambers agus James ‘Athenian’ Stuart. Áirítear leis an mbailiúchán portráidí teaghlaigh le Angelica Kauffman (1741-1807), le Sir Peter Lely (1618-1680), agus le Hugh Douglas Hamilton (1740-1808). Bainistíonn agus ritheann Oifig na nOibreacha Poiblí Caisleán Ráth Fearnáin.

Le linn na hoibreacha ar an gcaisleán thángthas ar go leor déantáin seandálaíochta spleodracha! Léigh preaseisiúint iomlán an Rialtais anseo agus breathnaigh ar an bhfíseán anseo.

Pleanáil Cuairt

Eolas faoin láthair agus faoi na háiseanna.

Oideachas

Eolas do mhúinteoirí agus do scoláirí.

Turas ar Líne

Téigh ar thuras ó do sheomra suí féin!

Foghlaim Tuilleadh

Stair an caisleán.

Tá foscríbhinní iomlána agus eolas a bhaineann le cóipcheart do na híomhánna ar fad le fáil sna Gailearaithe. Más mian leat úsáid a bhaint as aon cheann de na híomhánna ar an suíomh gréasáin seo, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Aon naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig ábhar seachtrach, tá siad ann chun críocha tagartha agus ní chuireann siad in iúl go n-aontaímid lena bhfuil iontu.

Arbh eol duit…

Coinnigh súil amach don réalta ar fud an tsuímh chun fíricí spéisiúla a fhoghlaim faoi stair Chaisleán Ráth Fearnáin.